Cuireadh Aonad na Gaeilge ar bun in Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2001. Tá an tAonad lonnaithe i Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na CumarsáideDámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta ach tá ról i leith phobal an champais ina iomláine aige. Tá oifigí na foirne, An Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge agus Ciara Considine, Oifigeach Margaíochta agus Riarthóir Feidhmiúcháin, in Áras na dTeangacha. Tá Seomra na Gaeilge, an lárionad sóisialta don Ghaeilge ansin chomh maith. 

Cuireann an tAonad tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge san Ollscoil. Dírítear ar nascanna idir Ollscoil Luimnigh agus an pobal teanga sa cheantar máguaird agus sa Ghaeltacht a threisiú chomh maith. Is mian linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht leanúnach ó An tÚdarás um Ard-Oideachas don chlár de thograí a bhíonn again.

Léiríodh RIAN (21 físeán) chun ceiliúradh a dhéanamh ar 21 bliain de Aonad na Gaeilge agus 50 bliain den Ollscoil ar an bhfód sa bhliain 2022. Ráitis le cairde éagsúla Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, a raibh baint acu le tograí teagaisc, foghlama, tacaíochta nó taighde sa tréimhse 2001-2022 atá sa tsraith. Le haghaidh tuilleadh eolais, féachaigí ar an bhfíseán thíos.